Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 012

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 012

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 012
  3. XML “Scéal - An tÉireannach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sí gur inghean righ a bhí inntí agus go raibh sí fa dhraoidheachta ag triúr fathaigh agus go mbeadh sí amhlaidh go bfanfhadh duine éicint trí oidhche sa teach acht dubhairt sí go marbhochadh na fathaigh duine ar bith a d'fhanfadh ann.
    Dubhairt an t-éireannach go bféachfhadh sé féin iad acht dubhairt sise nach raibh aige acht droch sheans acht dá mbeadh an t-anam ann chor ar bith ar maidin go raibh buidéal aicí a leigheasach é. Dubhairt sí leis gan tada a dhéanamh a déarfhadh na fathaigh leis no go mbeadh sé féin fa dhraoidheachta freisin. An oidhche sin bhí sé sa teach agus ar an dó dhéag tháinig na fathaigh agus reidtigh siad tae. Dubhairt siad leis an éireannach cupán tae ól, acht ní raibh baoghal air. Nuair a bhí an tae ólta, dubhairt siad leis a dhul ag imirt chártaí leo, ach ní rachadh.
    Bhí siad ag iarraidh é mhealladh chuile chaoi acht chinn ortha. Bhí draoidheachta ag na fathaigh agus rinne siad trí bhullán mhór dhiobh féin agus chuir siad adharca ortha féin chomh fada le maide láimhe. Thosuigh siad dá chur go barr an tighe le na h-adharca fada agus níor stop siad gur ghlaoidh an coileach ar maidin, acht níor mharbhughadh siad an t-éireannach amach is amach.
    Tháinig inghean an righ chuige ar maidin agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padhraic Mac Samharain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    24
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe