Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus sé an caoi a raibh Páidín ag dul amach thríd ann bhfuinneóig. Nuair a bhí an mí suas sgaoil Páidín an diabhal, agus chuaidh sé abhaile.
Faoi ceann cúpla bliadhain eile, bhí Paidín ag dul go dtí an baile mór agus casadh an diabhal leis. Chuaidh an bheirt acu chomh fada le teach ósca. Ní raibh aon airgead ag Páidín acht rinne an diabhal píosa leac – chrónach de féin.
Nuair a fuair Paidín anpíosa leac-chrónach, thosuigh sé dá bualadh le ord, agus thosuigh an diabhal ag caoinead. Annsin d’imchigh an diabhal abhaile, agus dubhairc sé le Páidín nach bfeicfeadh sé aríst choidhche.
Cailleadh Páidín tamall in a diaidh sin agus chuaidh sé go geata na bhflaitheas. Ní leigfeadh naomh Peadar isteach é agus chuir sé go h-ifreann é. Nuair a chuaidh sé go h-ifreann bhí an diabhal ann roimhe a leigfide tú isteach mé arsa Páidín, ara dá leiginn ars an diabhal, ní fhágfaí duine annseo, nach gcuirfeá trí na chéile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mártain Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe