Scoil: Cloch Bhreac (uimhir rolla 12106)

Suíomh:
An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 747

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 747

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cloch Bhreac
  2. XML Leathanach 747
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá dhá thobar beannuithe sa bparróiste seo. Sé an áit a bhfuil siad amuigh i mBaile an Tobair. Sé an t-ainm atá ortha tobar Mhuire agus tobar Féichín. Tugann na daoine cuairt ag na toibreacha chuile bhliadhain. Sé an uair a thugann siad an turas faoi Fhéile Muire. Sé an chaoi a d’tugann siad an turas. Teigheann siad amach ag an tobar, agus báineann siad doibh a gcuidh broghaí. Annsin faghann ceithre chloch déagh, agus teigheann siad thart ar an tobar ceithre h-uaire déagh. Siad na paidreacha a deirearach na daoine ag an turas. Seacht sé do bheatha Mhuire, seacht n-uaire an phaidír, agus nuair a bhíonn’s an turas tughtha acú teigheann siad ar a ghlunaí ar aghaidh an tobair agus déireann siad tuille paidreacha. Annsin blásann siad don uisge. Cuala mé go bhfuil siad ann lé fada agus go bhfuil siad ann bheannuithe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Seóighe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe