Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 602
- XML “Paidir”
- XML “Ochón agus Ochón Ó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)'S tú an Réált Eolais dhuínn ins gach bealach
Go Cúirt na Gloíre go dteorighidh tú ar n-anam
A Mhaighdean Bheannuighthe mháthair Dé
Soilse ghleígil bhí gan smál
A choinnil lóchrann tá i bhFlaithis Dé
Go raibh linn ar uair ár mbaís
A Mhuire mhíne mháthair Críosta
'S tú thóig an ríogh bhí riamh gan locht
Thug tú am duínn leis an aithrighe dheánamh
Nach beag an buidheachas duínn smaoineadh ortCáit Nic Allmhúraín, Clochbhreac - A Pheadair Aspoil bhfaca tú mo grádh-sa
Chonnaic mé indé é ag leígheadh na páise
Óchón agus óchón ó
Ó Pheadair Aspol bhfaca tú mo grádh-sa
Chonnaic mé indé é i gcrann na paíse
Óchón agus óchón ó
An é seo an casúr a thiomáin na táirngní?
Ochón agus óchón ó
An é seo an meanadh a tholl an áit dóibh?
Óchón agus óchón ó
An é seo an raspa a ghéaraig a mbárr?
Óchón agus óchón ó
Níl aoinne a ghoilfeadh trí bhraon faoí m'ádhbhar
Nach dtiubharfainn a luach do i nGaírdín Párrthais
Óchón agus óchón óCaít Nic Allmhúraín, Clochbhreac- Bailitheoir
- Cáit Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe