School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 473
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“I bParáiste Ruis a bhí Mac na mara i n-a chomhnuidhe.”
23.
I bParáiste Ruis a bhí Mac na Mara i n-a chomhnuidhe. Robálaidhe a bhí ann ach níor thóg sé aon rud ó dhuine ariamh nuair a bhéadh fhios aige go raibh an duine i n-a chall. Nuair a d'fheicfeadh sé éagcóir dhá dhéanamh ar dhuine ar bith thiubharfadh sé cabhair do'n duine sin. Bhí a theach amuigh ar Loch Coirib. Nuair a d'árduigheadh an loch d'árduigheadh an teach agus nuair a d'ísligheadh an loch d'ísligheadh an teach. Bhí capall aige agus nuair a theastuighadh uaidh rud a thabhairt as an stór uachtair i dteach leagfadh an capall a dhá cois tosuigh chomh fada suas ar an mballa agus a b'fhéidir léithe. Sheasfadh seisean ar a cloigeann agus rachfadh sé as sin isteach ar an bhfuinneóig. Bhíodh saighdiúirí i gConga an t-am sin agus bhídís ag faire i gcomhnuidhe ach níor éirigh leó breith ariamh air. Lá amháin bhí sé amuigh i n-aice leis an gCeathramh Ghairbh agus bhí na saighdiúirí ar 'chaon taobh de. Bhí dhá sgailp ann agus bhí sruthán ag rith eatorra. Bhíodar tuairim is trí-déag ná(continues on next page)- Collector
- Áine Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Maoilsheachlainn Ó hAllmhúráin
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe