Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 441

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 441

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 441
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Aonach Bhaile Lábáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí bean ann fadó agus ní raibh de stoc aici ach capall agus bhí buachaill ag iarriadh é sin féin a ghoid uaithí.

    Sgéal
    Bhí bean ann fadó agus ní raibh de stoc aicí ach capall agus bhí buachaill ag iarraidh é sin féin a ghoid uaithí. Chuir sí cloigíní ar an gcapall. Dá leagadh aoinne a lámh uirthí chraitheadh sí í féin agus bhuaileadh na cloigíní. Nuair a chluineadh an bhean sin bhíodh sí amuigh de sinneán. Uair amháin chuaidh an buachaill ag marcuigheacht ar an gcapall ach fuair an chailleach greim air. "Ní'l fhios agam" ar sise "cé's fearr dhom tú mharbhughadh ná thú bháthadh." "Cuir síos i mála mé" ars an buachaill. "Croch an mála as na frathacha agus bhí dhom bhualadh go mbí mé marbh." Rinne sí amhlaidh. Chuaidh sí amach le maide fhághail. Annsin gheárr an buachaill an sreangán agus chuir an madadh agus an cat agus na soithigh isteach sa mála agus chuaidh i bhfolach ar chúl an dorais. Tháinig an t-sean-bhean agus thosuigh ag lasgadh an mhála. "Bhuf" ars an gadhar. "Tá do glór láidir go maith fós" ar sise. "Meábh" ars an cat. "Tá do ghlór lag go maith anois ar sise. Bhuail sé iarraidh ar na soithigh. Annsin chonnaic sí céard ar thárla. D'eirigh Jimmy ó chúl an dorais agus amach leis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0327: The Children and the Ogre
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Nic Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe