Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 432

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 432

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 432
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear óg agus bean óg san áit seo fadó agus bhí siad le pósadh.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    is bhí sí tinn ar a leabhaidh bhíodh an guth le cloisteál ag muintir an tigh. "A Mháire A Mháire" Máire an t-ainm a bhí ar an gcailín seo
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal

    Uair amháin dá raibh Dómhnaill Ó Conaill í Sasana casadh fear leis a bhí buadhatha.

    Sgéal
    Uair amháin dá raibh Dómhnaill Ó Conaill í Sasana casadh fear leis a bhí buadhartha. D'fhiafruigh sé de céard a bhí air agus dubhairt sé go raibh trioblóid mhór air. D'innis sé a sgéal tríd síos do'n Chonnallach. Bhí sé tar éis ál banbh a dhíol ar luach beag. Nuair a bí sé 'gha ndíol d'fhiafruig an ceannuightheóir de cé mhéid a bhéadh orra on gceann ba lugha go dtí an ceann ba mó. Síl an fear bocht gurbh é an ceann ba lugha agus an ceann ba mhó a bí uaidh. Rinne sé margadh ar an tuisgint sin. Nuair bí gach rud socruighthe dubhairt an ceannuigtheóir go gcaithfeadh sé iad ar fad fhághail. Dubhairt Dómhnaill leis annsin dá ndéanfhadh se a chomhairle go bhfuigheadh sé as an ngabhad sin é. D'fhiafruig sé de annsin an mbéadh sé inann an bárr a bhaint de laidhricín a choise. Bhain, agus thug do Dhómhnaill í agus séard a rinne seisean í a cur go baile dhúthais an fhir i gCorcaigh. "Anois" ar seisean "Téigh isteach i siopa an fhir a cheannuig na bainbh uait agus abair leis an méid tobac a rachadh ó bhárr laidhricín do choise go mullach do cinn a thabhairt dhuit. Rinne an fear amhlaidh. Thosuigh an siopadóir ag tómhais amach tobac go dtí go raibh sé chómh h-árd leis an bhfear annsin. D'innis sé do ce méid a bhí air. "Ta go mait" arsa an fear eile "act ní'l mé réidh leat fós. Tómhais leat anois go sroisfid tú barr laidricin mo coise sa atá i
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Dónall Ó Conaill (~175)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Níc Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe