Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 424

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 424

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 424
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí bean amuigh ar an sliabh lá ar thóir géabh.

    Scéal
    Bhí bean amuigh ar an sliabh lá ar thóir géabh. Cadsaidh cailín leí a bhí caillte le bliadhanta agus bhí fhios aicí gur suachóg a bhí innti. Chuaidh sí abhaile leis an mnaoí agus bhí sí na cailín aimsire aici. Phós sí féin agus buachaill óg a bhí sa teach agus bhí triúir páistí aca ach cailleadh iad go léir. Bhí fear tinn ar an mbaile agus chuadar ar cuairt chuige. Bhí an cailín ag caoineadh gach uair a ndeachadarann. D'fhiafruigh an fear di tuige a raibh sí ag caoineadh an t-sean-fhir sin agus gan í ag caoineadh a cuid páistí féin. Dubhairt sí go raibh fhios aicí gur bé Dia a bhí 'á dtabhairt uaithi ach gur é an diabhal a bhí ag tabhairt an t-sean-fhir leis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Nic Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe
  2. Scéal

    Bhí fear 'san áit seo fadó agus bhí sé ag lorg oibre.

    Sgéal
    Bhí fear 'san áit seo fadó agus bhí sé ar lorg oibre. Saor cloiche a bhí ann ach ní raibh aon páipéar aige. Sa deireadh fuair sé obair ar chaisleán a bhí ag tighearna talmhan. Ní raibh meas ar bith ag na fearaibh eile air. Lá amháin nuair a bhíodar ag dul chuig a ndinnéar d'fhiafruigh sé dá mhaíghistir céard a bhí sé a dhéanmh, ar ais d'fhiafruigheadar de céard a bhí sé a dhéanaimh, 'nár iarr sibh orm car is dá iorball a dhéanamh" ar seisean. BHíodar ag magadh faoi. Fuair sé píosa de'n teach dó féin. B'fhacthas dó go mba cheart fuinneog a bheith
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.