Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 422

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 422

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 422
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”
  5. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí 'sé ina dlighe i n-Éirinn fadó gach duine a dhóghadh chomh luath is a bhéidís trí sgór bliadhain d'aois.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    aige le sgeál innseacht dó. Sul ar thosuigh an mac ar a sgeál d'iarr sé ar an rí a beith i n-a margadh, an té (?) gheobhfadh locht ar a sgeál go gcuirfidhe 'cun baís é i n-aít an t-sean-fhir. Thosuigh sé:- "D'éirigh mise lá agus chuir mé an domhan ar fad le coirce, d'eirigh mé lá ar na bhárach agus bhí sé fá gheamhar agus d'eirigh mé lár na (?) agus bhí sé reídh le baint. Bhí girrfiadh sa gcoirce agus chaitheas an corrán leis agus chuir mé an corrán i n-a dhruim (?). Rith sé timcheall an domhain agus bain sé a dtaínig roimhe de coirce."
    "Ara" arsa fear "ár ndoígh ní fhéadfadh duine ar bith sin a dheánamh."
    Bhí locht fáighte aige ar an sgéal agus cuireadh cun baís é i n-aít an t-sean-fhir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal

    Fadó bhí Éire clúdaighthe le coille agus driseacha.

    Fadó bhí Éire clúdaighthe le coillte agus driseacha. Ní raibh sa mbóthar atá i nDriseachán anois ach casán. Bhí fear de na Seoíghigh i n-a comhnuidhe ann agus bíodh sé amuigh go minic ag ól. Oidhche amháin bhí sé ag dul abhaile agus é ar meisge agus thuit isteach i dtom dris agus preáchadh ann é. Ós rud é gur b'iad na driseacha a marbhuigh é tugtar Driseachán ar an aít o shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Nic Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe