Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 419

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 419

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 419
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí bean ann fadó agus cailleadh bó uirthi.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Lá amháin bhí sí ag dul ar an aonach leis an gcraiceann a dhíol. Chuaidh sí isteach i dteach le na sgíth a leigean. Teach na sídheoga a bhí ann ach ní raibh fhios aice sin. Bhí sean-bhean agus lánamhain óg sa teach. Bhí an bhean ag dearcaidh ar bhó a chonnaic sí ceangailte i gceann an tighe. D'fhiafruigh an fear dí tuige an raibh sí ag dearcadh ar an mbuin agus dubhairt sí "Muise féictear dom gur cosamhail le mo bhó féin í. "Agus" ar seisean, "céard déanfá dá mba í bhéadh ann". "Muise" ar sise "cé'n caoi ndéarfainn é agus a craiceann agam le díol". "Bhoil, sin i do bhó . Ar mhaith leat í fhághail? " "Ba mhaith" ar sise. Nuair a bhí an fear ag leigean na bó amach dubhairt an chailleach léi "Má fhághann tú an bhó fágh an bhuarthach". "Is fearr duit an bhuarthach a thabhairt dom anois" ar sise. Tháinig fearg ar an mnaoí óig agus dubhairt "Má tá tusa ag fághail na bhuarthaigh tabhair dhom-sa craiceann mo mháthar". Nuair a fogladh an mála is craiceann caillighe a bhí ann i n-áit craiceann bó
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal

    Bhí fear i Sasana fadó agus ba mhaih leis a imeacht go hÉireann.

    Bhí fear i Sasana fadó agus ba mhaith leis a theacht go h-Éirinn. Chuaidh sé isteach i siopa lá agus d'fhiafruigh de'n t-siopadoír an raibh a leithéid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Dónall Ó Conaill (~175)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Nic Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe