Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 404

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 404

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 404
  3. XML “Tairngreacht”
  4. XML “Cnoc an Dúna”
  5. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a thiocfas an cogadh creidimh ní féidir leis na Sasanaigh teacht tar an Iomaire Ruadh. Beidh siad ag fághail buaidhe ar na h-Éireannaigh go dtagaidh siad ar pháirc síos ó'n bhFáirche agus go h-Iomaire an Líonáin. Nuair a bheídeas siad annsin béidh na Gaedhil agus ní beidh ortha ach an gaineamh a chaitheadh leis na Sasanaigh agus beidh siad ag tuitim, ach tar éis an chatha ní beídh mórán daoine beó agus béidh lán stoca coirce níos feárr ná lán stoca óir.
    Liam Ó h-Allmhuraín, Gleanntréig
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó hAllmhuráin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    16
    Seoladh
    Gleann Tréig, Co. na Gaillimhe
  2. Tá cnoc beag deas ar bhruach Loch Coirib tuairim dhá míle ó Chorr na Móna agus tá sé ráidhte ag na sean-daine gur ar bhárr an chnuic sin atá an bhainrioghan Meádhbh curtha, agus go bhfuil bean-sidhe ó 'chuile shruth daoine i n-a comhnaidhe annsin freisin. Nuair a bhíos duine de mhuirghín áirithe ag fághail bháis caithfidh an bean-sidhe a bhaineas leis an muirghín sin dul amach agus an duine sin a chaoineadh.
    Liam Ó h-Allmhuráin, Gleanntréig
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Scéal

    Bhí bean ann fadó agus bhí an-dúil 'san airgead aicí.

    Bhí bean ann fadó agus bhí an-dúil 'san airgead aicí.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.