Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 255

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 255

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 255
  3. XML “Finis”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is docha gur cheart domsa in chéud leathanach a fhuágail (?) dhó seo má tá gádh ar bith leis (?) mó dúil a bhí agam ins na sgéulta féin na ins an obair a bhaineas leis an leathanach seo mar a bhiós sé in ghach leabhar - Nílim chun tada a rádh anois acht go bhfuil fhios agam go bhfeadfaidhé na sgéalta amhráin srl. a chur le chéile i bhfad ní b'fearr dá dtógfaide níos mó ama leis an obair.
    Ba mhaith liom a rádh freisin gur beag an (?) atá agam féin ar bheál oideas ná a bfhuil tábhairt ar bith ins na sgeálta áirithe seo. Ní mórán sean-sgéulta a d'fhoghluim mé ariamh agus mar sin ní bhead fhios agam ná gur ó leabhair a tógadh go leór aca.
    Acht fíor no breág iad níl teóra leis an méid sgéultaí atá le fághail ins an duitche seo. Gach buaidh a bhaineas le Gaedhilge agus Gaedhealtacht tá sé annseo agam. Ó na páistibh sgoile a fuair mé na sgéultaí seo go léir nó a bhfurmhór acht tá an smacht sin ag na páistibh ar an nGaedhilg go dtig leo an sgeál na innseacht (?) focal ar fhocal mar chuala siad féin é. Níl annseo acht cuid de'n méid sgeáltaí atá thart san aít séo agus má fhághainsa sláinte déanfaidh mé iarracht ar chuid beag eile a sgriobhadh aon (?) lá eigin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac An Ríogh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)