Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 253

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 253

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 253
  3. XML “An Fathach Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Gaedhil. Agus rud eile shocruigh siad go gcuirfidís Oscar isteach i gcliabhán agus go gcuirfeadh siad Máthair na bhFiann d'á bhogadh nuair d'aireóchadh siad ag teacht an Fathach agus go leigfeadh an mháthair uirthi nach raibh in Oscar acht marlach óg i measg na bhFiann.
    Bhí go maith. Sar i bhfad tháinig an Fathach Ruadh acht má tháinig féin bhíodar réidh chuige. Tug sé a agaidh ar chnoc Ailinne agus ar deireadh nuair chinn sé air iad fheiceál in áit ar bith tháinig sé chuig Goll ag chur a dtuairisge. Dubhairt Goll leis go raibh siad imthighthe ins na coillte ag fiadhach agus nach mbeadh siad arais go ceann laetheannta. D'iarr an Fathach air annsin cérbh'é féin agus dubhairt sé gur tréaduidhe do na Fianna é.
    Annsin thug an Fathach a aghaidh ar Theach na bhFiann. Nuair a chuaidh sé isteach 'un a tighe chuir máthair na bhFiann failte roimhe agus chaith siad tamall gearr ag cainnt. Bhreathnuigh an fathach ar an gclabhan [!] agus bhfachtas dó gurbh' aisteach an marlach a bhí d'á bhogadh ann. Ar deireadh thosuighe sé ag spraoi leis agus chuir sé a láimh ina bhéal. Nuair a chuir, céard a dhéanfadh Oscar acht breith air agus d'fóbar dó an mhéar a bhaint dhó. Ara a mhic mo chroidhe thú nuair a chonnaic an Fathach a chuid fola ag tigheacht bhí sé ag eirighe de chothromh talmhan le feirg. Chuir sé a láimh anuas ar chloigeann an mharlaigh len a bhrughadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac An Ríogh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Cadhain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    21
    Seoladh
    Fionnaithe, Co. Mhaigh Eo