Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 252

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 252

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 252
  3. XML “Fear na Stocaí”
  4. XML “An Fathach Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    é agus sheas sé air agus thachtuigh sé é. D’imthigh sé abhaile chómh tapaidh is bhí in a chosaí agus ní fhaca sé an gadhar ná an chailleach ó shoin i leith.
    2-XI-36
    Cuala mé an sgéal ó Mháirtín Ó Choidhin, Dubhlitir, An Fhairchi Fear 50 blian. Ó na sean daoiní a chuala seisean é.
    S. mac an Riogh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. An Fathach Ruadh.
    Tráth dá raibh Fionn agus na Fianna in Éirinn bhí Fathach Ruadh in a chómhnaidhe sa Domhan Thoir a raibh faitchíos ar chuile fhear roimhe. Ní raibh fear sa domhan a bhí chómh maith leis ag troid no ag coraidheacht no in gníomhartha gaiscidheacht ar bith agus ba cuma cá áit a dtéigheadh sé ní raibh fear a dhiongbhálta le fághail. Bhail chuala mo dhuine cainnt ar na Fianna agus thug sé a aghaidh ar Éirinn lé dúbhlang a thabhairt futha.
    Nuair a chualaidh na Fianna go raibh sé ag tigheacht tháinig faitchíos ortha agus tháinig siad le céile le seift a cheapadh a chuirfeadh 'un bhealaigh aríst é. B'é Goll mac Mórna an fear láidir i measg na bhFiann an t-am sin agus dubhradar le chéile go gcuirfidís Goll amach ag cumhdach na mbeithidheach nuair a bheadh an Fathach Ruadh ag tigheacht ag cur i gcéill nach raibh in a bhfear láidir féin acht spriosán i measg laochraí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac An Ríogh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Cadhain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    21
    Seoladh
    Fionnaithe, Co. Mhaigh Eo