School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 250
- XML “Fear na Stocaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus an fhad is bhí sí cromthaí nár tharraing an Seoigheach sgian as a phóca agus thosuigh ag gearradh an rópa. Annsin céard a dhéanfadh sé acht sonnc a chur inntí agus í a chaitheamh sa abhann agus d’imthigh sí go tóin.
Bhí a anam ag an bhfear bocht aríst agus theann sé leis ar a bhóthar. Bhí sé ag imtheacht leis agus ag imtheacht leis agus ag síor imtheacht go dtáinig sé chuig teach eile. Acht céard a bheadh sgriobhtha taobh amuigh air acht “Sir John Murder”: “Dona go leor” adeir se acht bhí ocras air agus isteach leis.
Ní haon doicheall a bhí aca roimhe fairíor acht fíor chaoin fáilte. Cuireadh ag an mbord é agus tugadh togha béile dhó. Annsin nuair tháinig sé in am codalta dubhradh leis go gcaithfeadh sé dul a chodhladh sa leabhaidh taobh istigh den mac. Chuaidh sé a chodhladh ceart go leor acht bhí droch ionntaoibh as ? a’ tighe aige. Luigh sé faoi na plodanna agus leig sé air bheith in a chodhladh.
“Meas tú” adeir bean a tighe le’n a fear réis tamaill “bhfuil sé sin in a chodhladh”. “Is dócha go bhfuil” adeir an fear. “Tá airgead aige” adeir sí “agus” caithfimid é a mharbhú”. “A céan dochar atá déanta ag an gcréatur orainn” adeir an fear “ní ceart dúinn é a mharbhúghadh”. “Ara éist do bhéal a spriosán” adeir sí agus d’éist sé. Nuair a d’airigh mo duine ag tigheacht í(continues on next page)- Collector
- Seán Mac An Ríogh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Máirtín Ó Choidhin
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Dúleitir, Co. Mhaigh Eo