Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 248
- XML “Fear na Stocaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acht an bheirt gaduithe agus an bulán marbh aca is iad d’á fheannadh.
Rinne mo dhuine tréan iarracht ar a chosaí a thabhairt uatha acht rug siad air. “Seo é an bitheamhnach” ars duine aca a bhí ag breathnú orainn anocht agus tá sé chun spiadóireacht a dhéanamh orainn”. “Cia aca is fearr leat” adeir siad “do cloigeann a chur ar an dtáirsigh is é a bhaint díot ná thú a chur isteach i mbolg an buláin agus thú a chaitheamh san abhann”.
“Dheamhan seans ar bith a bheadh agam” arsa mo dhuine “dá gcuirinn mo chloigeann ar an dtáirsigh. Is feárr go mór liom an bealach eile gidh gur rogha an dá díog é.” Bhí go maith. Chuireadar isteach i bputóg an bhuláin é agus chaith siad san abhann é. Bhí sé ag ceapadh go raibh a chosaí nighthe go bhfuair sé amach nach leigfeadh an phutóg aon aer isteach. Fé dheireadh agus é ag snámh leis tháinig sé isteach ar chiumais na habhann. Thárla go raibh feilméar ag toraidheacht caorach agus nuair a chonnaic sé an meall shíl sé gurbh é an chaora a bhí crocht ag an fuarloch. Tháinig sé agus gheárr sé an rópa a bhí thart air agus deirigh an Seoighe aníos as. Tháinig sgáth an domhain ar an bhfeilmear agus thuit sé as a sheasamh.
D’imthigh an Seoigheach a bhealach féin ansin. Bhí sé ag imtheacht leis go dtáinig sé chuig teach eile. Sa teach seo bhí beirt chailligh cois teineadh ag cruadhchain(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Mac An Ríogh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Choidhin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Dúleitir, Co. Mhaigh Eo