Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 245

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 245

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 245
  3. XML “An Gearrán Bán”
  4. XML “An Gabha agus an Fathach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oidhche amháin bhí an gabha ag obair an mhall sa ceardchan nuair d’airigh sé rud éigin ag tigheacht. Tháinig sé isteach chuige sa gceardchan agus séard a bhí ann fathach. Dubhairt an fathach leis an bhfear go marbhóchadh sé é. D’iarr an fear air gan é do mharbhú is go bhfágfhadh sé a phíopa sa cheárdchan agus go gcuirfeadh sé a inghean ar a thóir nuair a rachfadh sé abhaile.
    Dubhairt an fathach go raibh sé sásta agus d’imthigh an fear leis abhaile agus chómh luath is chuaidh sé abhaile dubhairt sé leis an inghean go ndeárna sé dearmad ar a phíopa. Bhí uirthí dul píosa mór agus bhí an oidhche an dubh.
    D’imthigh sí léithe agus d’imthigh nó gur casadh fear léithe. D’iarr sé díthe cá raibh sí ag dul agus d’innis sí dhó (é). sgéal. “Fan annsin thusa” a deir sé leithe “agus gabhfaidh mise ar an thóir dhuit” “Fanfaidh mé” a deir an cailín. D’fan sí agus d’imthigh leis an bhfear. Chuaidh sé isteach san gceárdchan. Bhí an fathach in a shuidhe go deas dhó féin sa gceardchan. Bhí claidheamh ag an bhfear seo in a phóca agus ní dhearna sé acht breith ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0431: The House in the Wood
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Seán Mac An Ríogh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)