School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 240

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 240

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 240
  3. XML “An Gearrán Bán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dtáinig siad go dtí cnocán glas. Annsin, ars an gearrán, “Oscail, oscail, a chnocáin ghlais agus leig isteach an rí agus a bhean”. D’oscail an cnocán agus chuaidh an giorrán isteach. Bhí teach breagh istigh. Theasbáin an giorrán go leór seomraí dí, seomraí lán d’óir, d’airgead agus chuile short ar fheabhas. Acht bhí seomra amháin nár theasbáin sé.
    Annsin adeir an cailín “níor theasbáin tú an seomra sin dom”. “Ó ná bac leis sin” ars an giorrán bán. Ní raibh sí sásta in a hintinn acht níor theasbáin sí uirthi féin é. Rinne sí aireachas air go bhfeicfeadh sí cá gcuirfeadh sé na heochrachaí. Chonnaic sí d’á gur i bhfolach é.
    D’fiafruigh sé dí cia aca a b’fearr leí é bheith in a gearrán san oidhche agus in a fhear sa lá nó in a fhear san oidhche agus in a ghearrán sa lá. Dubhairt sí go mbfearr leí é bheith in a fhear san oidhche agus in a ghearrán sa lá. Bhí draoidheacht air tá fhios agat.
    Annsin maidin lae ‘na bháirigh, d’eirigh an gearán bán agus d’imthigh sé amach. Fuair an cailín annsin a breicfeasta, agus nuair a bhí sí d’á ithe tháinig caitín aníos as an gclúid ar an mbord agus thosuigh sé ag ithe leí. Bhuail sí bosóg air agus ar sise “Sora dhuit a chaitín shalaigh, mara bhfuil de chómhluadar agamsa acht tusa ní bhéidh tú
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Seoighe
    Gender
    Female
    Age
    12
    Informant
    Máire Bean Uí Bhriain
    Gender
    Female
    Age
    80