Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 239

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 239

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 239
  3. XML “Caisleán an Bharraigh”
  4. XML “An Gearrán Bán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    VI
    Nach aoibhinn do na héininí a eirigheas go hárd
    'S a cómhnaigheas le cheile ar aon chraobhóigín amháin
    Ní hí sin fearacht agamsa is mo chéad mhíle grádh
    Is fada ó 'na chéile a mairighid gach lá.
    Tán t-amhrán seo an choitchianta san áit. Ó Cháit Seóighe (15 bl.) a fuair mise é. Chuala Cáit ó 'na máthair é. Sgríobhadh é ar an 28-X-'36.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. An Gearán Bán
    Bhí triúr drishiúir ann uair amháin agus ní raibh sa teach leo acht iad féin. Bhíodh siad ag sníomh agus ag cárdáil agus agus ag déanamh bréidíní. Bhí garrdha beag cabáiste aca agus bhí rud eigín d’á ithe. Aon lá amháin dubhairt an drithiúir ba shine go dtiubhradh sí an túirne amach sa ngarrdha agus go ndéanfadh sí aireachas ar an ngarrdha. Chuaidh sí amach agus thosuigh sí ag sníomh. Bhí go maith. Ní raibh sí i bhfad ag sniomh nuair a tháinig gearán bán agus thosuigh sé ag ithe an chabáiste. Rug sí ar chleith mhaide agus níor corruigh an gearán nó gur bhuail sí de’n mhaide é. Ghreamuigh an maide de’n ghiorrán agus ghreamuigh a láimh de’n mhaide.
    Ansin d’imthigh an gearrán agus agus b’éigin dí é leanamhúint. D’imthigh siad leo no go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Seoighe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Bhriain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80