Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 234

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 234

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 234
  3. XML “An tAmadán Cliste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    buidéil agus annsin ar a fhiacail. Shíl an doctúir gurbh'é an chaoi a raibh fiacal le tarraingt aige agus tharraing sé fiacal uaidh. Rinne Micheál an cleas céadna aríst. "Ní hé an Fiacal ceart a tharraing tú uaidh" ars an cailín leis an Dochtúir agus tharraing an dochtúir ceann eile uaidh agus siud amach Micheál ag sgreáchaighil. "Á, a Sheáin" adeir sé "dá gcainnteóchthá ar bhláthach sa bhaile sin ní fhagfaoi fiacal i do dhrad".
    Bhailigh leo aríst agus ní dhearnadar forrthus ná suaimhneas gur shroicheadar tighe a máthar i gConnamara. Thug sí an t-airgead do fhear a' tsiopa agus ghreamhuigh sé dí é. Cheannuigh Micheál banbh annsin agus nuair a bhí an mhuc mór chuaidh sé go Gaillimh léithe ar an aonach. Bhí muinntir an bhaile ar fud ag dul ann agus ba i mbád mór (bád móna) a thugadar na muca go Gaillimh agus chuireadh slip Mhichil in aoindigh leó. Bhí faitchíos ar Mhichil go dtiocfadh sí amach imeasg na muca eile agus b'éigin d'á máthair bárrai an dá chluais a bhaint de ag a gcongbheál in a sparán nó go dtiocfadh Micheál ar ais.
    Nuair a tháinig an ceannuighteór go dtí Micheál, ba é an luach a d'iarr Micheál ná ó bhárr a dhá chluais go bárra a rioball de thobac. Ba ghearr go dtáinig an ceannuightheór agus píosa mór tobac aige agus thosuigh sé ag tomhais an tobaic ar mhuin na muice.
    "Céard atá tú a dhéanamh" adeir Micheál "nach ó bhárr a dhá chluas go bárr a earbaill dé thobac
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1696: “What Should I have Said (Done)?”
    AT1697: “We Three; For Money.”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siubhán Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Cnoc na Fuaiche, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádraic Breathnach
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann