Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)raibh sé ibhfad ann gur thug sé fá deara na slata a bhí ann. Annsin thóg sé amach a sgian agus thosuigh sé ag baint an chroicinn de na slataibh agus bhíodar bán feiceálac annsin.
Faoi cheann tamaill eile thosuigh sé ag déanamh cliabh agus ciseán agus go leór rudaí as slataí. Annsin nuair a bhí sé cúpla blian ann thosaigh sé dá ndéanamh ós cionn a chéile agus bhí siad mar a bheadh teach árd sa spéir agus geal le feiceál agus bhí na torthaí fós d'á choingbheál beó. Annsin nuair a bhí sin déanta aige chuir sé slat mór as sin suas agus chuir sé fileadh bán air i slighe is go mbeadh sé le feiceál ag chuile duine. Annsin lá amháin bhí captaoin eile ag dul thart agus ceann de na báid bheaga aige agus dubhairt sé le'n a chuid fear go raibh fear ar an oileán agus gur b'in cómhartha a bhí suas aige. Chuaidh siad go dtí an fear agus is dócha nach gádh dom a rádh go raibh fáilte rómpa.
Annsin phacáil sé suas a chuid ciseán agus bhí lán an bháid de rudaí aige. Annsin níor stop siad go dtáinig siad go dtí Ameriocá agus tháinig sé ar an dtráigh agus na rudaí go léir leis le dul d'á ndíol. Chuala an bhean go raibh sé tagtha agus iad aige agus chuir sí a cailín aimsire amach a [?] rádh leis an ceann ab' bfearr agus ba deise a choingbheál dí féin agus choingbhigh.
Thug sí isteach é annsin is thug sí a dhinnéar dhó agus dubhairt sí go mbeadh damhsadh is ceól(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Seoighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Seóighe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe