Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Seanafarachán | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 226

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

agus gan seasamh a dhéanamh.Rinneadar sin agus d'imigh an charraig in a splindreacha agus deirimse leat nár mhór dúbhtha an luathas a bhí ionntu.
Ba é buachaill annsin an fear ba misneamhla(misniúla : inniu) ar domhan agus chuaidh sé abhaile is bhí sé saidhbhir sáthach uaidh sin amach.
Eibhlín Ní(De) Búrca 29-v-36.
An Fear agus na Ciseáin.
Bhí fear agus bean ann fadó agus bhíodar an-bhocht.Bhí an bhean an(-) slachtmhar.Annsin bhíodh Captaoin ag teacht ar chuairt chuca go minic nuair a thagadh sé chun cuain.Lá amháin dubhairt sé leób teacht amach leis an tráthnóna a chaitheamh agus chuaidh.
Nuair a bhí siad teannta amach sa bhfarraige d'iarr an captaoin ar an bhfear seo cia b'hfearr leis é a chaitheamh amach ar a bhfarraige nó a leigint amach ar phlannc.Dubhairt an fear go mbfearr leis dul ar phlannc agus d'imigh sé leis mar sin ag iarraidh.Déanamh mór leis an mnaoi a bhí an captaoin agus sin é an fáth gur chuir sé an fear amach ar phlannc.
Bhí an fear ar an bplannc ag ? nó go dtáinig sé go dtí oileán.Chuaidh sé isteach ar an oileán agus ní raibh dada le nith aige acht ag ith toradh,ubhla agus oráistí agus go leór leór eile mar sin .Ní