Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)coláiste le bheith in a shagart.
Nuair a bhí a dháta istigh aige tháinic sé amach as an gcoláiste agus é oilte in a shagart. Lá amháin annsin bhí an sagart paróiste ag dul chun an aifreann agus thóg se an sagart eile ar a' mbealach dhó sa ghluaisteán. Nuair a shuidh an sagart óg sa ghluaisteán thosuigh dhá chloigínt d'á gcraitheadh, an cloigín beannuighthe agus an cloigín malluighthe, mar ba é an sagart óg seo an diabhail.
Annsin chuaidh siad isteach go teach an phobail agus chuaidh an sagart nua suas go dtí an altoír agus bheannuigh sé uisce coisrithe. Bhí an buachaill a thóg suas an sagart seo in aice na haltóra agus nuair a bhí an sagart seo ag creathadh an uisce coisrithe bhí claidheamh faoi 'na asgall ag an stócach a bhí le hais an altóir. Chaith sé leis an sagart an claidheamh agus bhain sé an láimh ón mbun dó. D'imthigh sé in a splannc amach trí theach an phobail mar bain gach orlach dó leis an Diabhal.
Chruinnigh na daoiní thart annsin ag [!] d'fiafruigh sé do'n bhuachaill cé'n fáth a rinne sé é sin. Bhí siad dul d'á mharbú acht gur theasbáin sé píosa pháipéar d'on sagart paróiste agus léigh sé é agus thuig sé go rí mhaith é. Dubhairt sé leis an mbeirt ba láidre i dteach an phobail breith ar an dá bhuicéid uisce coisrithe a bheannuigh an sagart nua agus iad a bhuaileadh in aghaidh carraige móire bhí thíos ó theach an phobail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlin de Búrca
- Inscne
- Baineann