Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Flaitheas. D'fiafruigh sé dhó annsin an leigfeadh sé féin ann. Dubhairt sé go leigfeadh mar go bhféadfadh sé féin dul ann an lá in a dhiaidh.
Annsin chuaidh an fear sa mála. Thiomáin an dearbhráthar bocht na ba, na caoirigh agus an capall a bhí ag an fear sé abhaile. Bhí an driothár bocht ag ceistiúghadh na gcaorach nuair a tháinig an driothar saidhbhir air. D'fiafruigh sé dhó cá bhfuair sé an t-eallach agus dubhairt sé go raibh aonach i bpolltaí lábán, agus go bhfuair sé ann iad in aisce.
"Meas tú, dá gcuirfeá mise síos ann" ars an driothár saidhbhir "an bfhuighinn an méid sin gan tada". "Níl fhios agam" adeir an driothár bocht "Níl mise dhá rádh leat" Maidin lae 'na bháraigh chuaidh an driothár saidhbhir sa mála agus chroch an driothár bocht ar an gcapall é nó go ndeachaidh sé go dtí polltaoi lábán. Chaith sé isteach é agus chuaidh sé síos go tóin ar an bpoinnte. Tháinig an driothar bocht abhaile agus bhí sé saidhbhir sáthach uaidh sin amach.- Bailitheoir
- Sorcha Seoighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe