School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 214

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 214

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 214
  3. XML “An Driotháir Bocht agus an Driotháir Saibhir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a chuaidh sé abhaile d'éaluigh an driothár saidhbhir air agus chonnaic sé é ag cómhaireamh an airgid. D'iarr sé air cá bhfuair sé é agus dubhairt sé gur ar chroiceann na bó ar cailleadh é. "Meas tú" adeir an driothár saidhbhir "dá mharbhuiginn mo bhó an bhfuighinn an méid sin airgid ar an gcroiceann". "Níl fhios agam níl mise dá rádh leat" ar seisean.
    Annsin mharbhuigh sé a bhó agus thug sé leis an croiceann chuig an aonach. Sheas sé ar bhárr claidhe agus d'iarr sé cé cheannóchadh croiceann bhó uaidh. Acht b'éigin do an croiceann a thabhairt 'un a bhaile aríst mar dá mbeadh sé annsin ó shoin níl aoinne a cheannóchadh an croiceann uaidh. Is beag nár mharbhuigh sé an driothar bocht i ngeall ar an bhó a bheith caillte air.
    Cailleadh máthair an driothár bhoicht agus thug sé leis í is chuir in a seasamh i lár an bhóthair í ar a glúnaibh, dhá mhaide croise fúithí agus paidrín in a lámha aicí. Chuaidh sé isteach ar chúl claidhe agus fá cheann sgathaimh tháinig cárr. Bhí sé ag imtheacht an luath agus ní fhaca an tiománuidhe an bhean acht chuaidh sé amach thairstí agus mharbhuigh sé í. Rith an driothar bocht amach ar an mbóthar roimh an gcárr. Chuir sé in a seasamh é agus d'fiafruigh sé do'n tiománuidhe tuige ar mharbhuig sé a mháthair. Dubhairt siad leis gan a innseacht do dhuine ar bith acht í a chuir san oidhche i ngan fhios d' [< d'éinne]
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Seoighe
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe