School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 208
- XML “Poll Tí Lábáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dhó féin agus garrdha beag dhó féin.
Amach san Earrach nuair a bhí beithidhigh an mhic móir i lag d'iarr sé ar an mac beag a thigheacht leis ag déanamh ceiseanna. "Má tá beithidhigh" ad' adeir an mac beag "dean ceiseanna dóibh. Tá mo bhó bheag-sa in ann dul in a róga háit". Annsin chuaidh an mac mór ag déanamh ceiseanna. "Agus" adeir sé leis an mac beag "chómh luath is fheicfead-sa an bhó beag ag tigheacht thar an gceis marbhóchaidh mé í". "Bféidir gur'b é an sgéal is fearr dom a chonnaic mé riamh" adeir an drioathar beag.
Tráthnóna sí an chéad bhó a tháinig tar an gceis an bhó beag. D'imthigh sí thairis acht lean [?] an mac mór í, bhuail sé don tsluasaid í agus mharbhuigh sé í. Bhí margadh le bheith in aice láthair lá ar na bhárach agus dubhairt an mac beag leis féin go rachadh sé ann. D'fean sé an bhó agus chuir sé píosaí sé pinge, scilleacha, leath-coróineacha agus córóineacha ann agus thug sé leis 'na margadh é.
Chuaidh sé suas ar an gclaidhe agus thosuigh sé d'á bualadh le maide agus thosuigh an t-airgead ag tuitim as agus thosuigh sé féin ag fógairt "Croiceann bhó ar dhá chéad punt". Tháinig fear chuige agus dubhairt sé go dtiubharfadh sé féin dhá chéad púnt dhó. Tháinig fear eile agus dubhairt sé go dtiubharfadh sé trí céad dhó. "Bíodh sé adsa" ar seisean leis an bhfear a thairg an trí céad punt dhó.
Do bhuail sé abhaile go sásta. Chuaidh sé ag an mac mór ar thóir an miosúir. D'éaluigh an mac mór(continues on next page)- Collector
- Seán Seoighe
- Other names
- Seán Seoighe
- Tomás Seoighe
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Address
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Seán Seoighe
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe