Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 195
- XML “Fionn Mac Cumhaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fionn ar an sean fhear an bhfeadfadh sé lóisdín a thabhairt dóibh agus dubhairt sé go dtiubharfadh sé agus fáilte. Annsin dubhairt an sean-fhear leis an gcailín eirighe is béile maith a réidhtiú do na Gaisgidhigh móra.
Nuair a bhí an béile ithte aca thosuigh trian le fiannaidheacht, trian le sgéalaidheacht agus trian le filidheacht go raibh sé in am dul chun suain. Nuair a d'eirigh siad ar maidin dubhairt an sean-fhear leó go raibh sé gearr i bhfeól nach raibh aon greim spárrtha aige. Agus dubhairt sé leo go raibh sé chómh maith aca dul agus tarbh a bhí sa ngleann úd thall a mharbhú ná bhíodad in a ngaisgidhigh sáthach maith agus go ndéanfadh sé biadh dóibh go ceann seachtmhaine. Dfeudfadh siad fanamhaint annsin san áit 'na raibh siad go mbeadh an tarbh ithte aca agus go mbféidir go mbeadh siad in a ngaiscighidh níor fearr annsin.
Dubairt sé le'n a mhac dul leó go dtaisbeánfadh sé an tarbh dóibh. Annsin thug sé adhairt [!] agus sgian mhór do'n mac agus dubhairt sé leis dul leó. Chuaidh an mac leó agus nuair tháinig siad go dtí an ghleann chuaidh sé suas ar cnocán agus shéid sé an adhairc agus tháinig an tarbh chuige.
Annsin deir sé le Fionn "Seo duit an sgian is tabhair do'n cheann is fearr do do ghaiscighidh é is abair leis an tarbh a mharbhú. Acth ní raibh sé de mhisneach ag fear ar bith dhá chuid gaiscighidh an tarbh a ionnsughadh. Tháinig an tarbh chuca ag búrach. Bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Seoighe
- Ainmneacha eile
- Tomás Seoighe
- Tomás Sheáin Mhóir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe