Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 193

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 193

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 193
  3. XML “Taidhg agus an Sagart”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fhághann míd é" arsa iadsan "Déanfa míd chomh marbh leis an tsean-bhean siúd bhí sé aici tú" Thosnuigh an cuartugadh, an rúille búille, an cartugadh. Líonadh na seómra le saighdiúra. Ní h-amháin go marbeócaidís an tsean-bhean bhí gar dhó marbh cheana act mharbeócaidís sean-bhean bheith maith-go-leór leis an ngleó agus leis an bfothram. Chuaidheadar ar an lothta agus chuartuigheadar an leabaidh craiste agus gac coirnéal. Nuair a bhí siad tuirseac d'imtigheadar. Tháinig an sagart anuas "Ó a Thaidhg tuige ar innis tú bréag olc, maith mar a racadh an sgéal" arsa an sagart. "Ó go maithfidh Dia dhom é ní innseóchaidhe mé bréag aríst" Ní raibh níos mó ráidhte nuair a cluineadh an torrann aríst "Seo chugainn aríst iad" arsa an sagart "caithfidh mé rith" Nuair a bhí an sagart thuas d'osgail Taidhg an doras aríst Tháinigeadar isteac aríst go tiugh agus dubhradar "Muna ninnsigheann tú dhúinn cá bfuil an sagart marbheócamíd thú". "Innsighim ar fhírinn dhíbh an turas seo, tá sé thuas san similéar" ars Taidhg. Bhreathnaigh siad suas act bhí sé luighte isteach leis an log a bhí ann agus níor eirigh leó é fheiceál idir iad agus an léas. Níor creideadar Taidhg act fuaireadar rópa agus ceangluidheadar de mhaide bhí ós cionn na teineadh é. Fuaireadar crios agus tosnuigh á lasgadh. Le chuile bhuille thiubhraidís sa druim nó ins na ceathramhna dhó chuireadh sé béic as agus deirfheadh siadsan "Anois innis é" Nuair a bhí siad tuirseac á bhualadh agus dath dearg tugtha ar chnámh a dhroma acu, sgaoil siad uatha é agus dimthigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Seóighe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe