Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 192

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 192

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 192
  3. XML “Taidhg agus an Sagart”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Taidhg agus an Sagart
    I n-aimsir na bpéin dlighthe nuair a bhí na Sasanaighe go dían ar chreideamh is ar chaitliocaighe, bhí saohal cruaidhe ag na daoine agus ag na sagairt. Ní go mini[c] a d'féad na daoine bocta na Sacramainte a ghlacadh, agus bhí a sáith le déanamh ag sagairt agus iad féin a shábháil. Ar chum ar bith bhí fear a dtugtaí Taidhg mór Ó Briain air ina chomhnuidhe in aice le Rosmuc. Ní raibh aoinne ina chomhnuidhe sa teac leis act a mháthair a bhí chómh sean leis an gceó.
    Nuair a bhí an bás ag dreannadh leis an sean-chréatúr boc[t] ba mhaith le Taidhg an ola déidheanach dul uirthe dá b'féadfadh sé sagart a fhághail. Chaith sé seactmhain ag cuartughadh sula bfuair sé sagart act faoi dheire thug sé leis é. Chuir sé an ola ar an tsean-bean annsin agus d'iarr Taidhg air fanact sa teac an oidhche sin agus dubhairt sé go bfanfheadh. Fuair na sasanaighe amac ar bhealac éigin go raibh an sagart sa teac seo. Chuala an sagart agus Taidhg a bhí ina suidhe ar an teaghlac an torrann agus an siosgarnaighe ag teact aníos an bóithrín agus chuimhne siad gur b'iad a bhí ann. "Ó táim réidh anois seachas ariamh" arsa an sagart "Dheamhan agat act seans" arsa Taidhg act tabhair an simléar ort féin go beó" Gan focal eile a rádh thug. D'osgail Taidhg an sean-doras, mar n'osgaileócadh brisfheadh na saighdiúra isteac tríd "Nac bfuil sagart sa teac seo" ar siadsan i mbéarla "Ó ar bhur n-anam Níl", arsa Taidhg. "Buel má
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Seóighe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe