Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Seanafarachán | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 188

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

lth 188
ní raibh tada d'á bhárr aca.Tháinig an sagart abhaile go brónach cráidhte.Nuair a bhí an mac ithe ag Seán ní raibh fear sa bparóiste ab bfearr ná é.
Tomás Seoighe , Togha na Lín.

Biddy Early
Bhí sean-bhean ann fadó agus sé an t-ainm a bhí uirthi Biddy Early.Sé an fádh ar tugadh an t-ainm sin uirthi mar bhí sí in a cómhnaidhe i mBaile Átha Cliath agus tháinig sí go Connamara agus chuir sí fúithi ann.Bhí gach duine ag déanamh iongantais dí.Sé an sórt tigh a bhí aici ná sean teach a raibh sidheóga ann cúpla bliain roimhe sin.
Cuma cén t(-)am den oidhche d'eireóchadh siad bhí an bhean seo in a suidhe i gcómhnuidhe.Ní raibh fios i dtosach cén t-ainm a bhí uirthi agus sé an t-ainm a a bhhaistigh siad uirthi Biddy Early mar gealt go mbíodh sí in asuidhe go moch is go mall.
Bhí fear annsin agus bhí sé tuite amach le Biddy Early.Bhí dá mhaic aige agus cailleadh an péire.Shíl an fear go raibh draoidheachta aicí agus gurb í a mharbhuigh an da mhaic air.Lá amháín dá raibh Biddy Early in a suidhe taobh amuigh do'n doras , bhí an fear seo ag dul thart.Thóg sé cloch is bhuail sé Biddy sa chloigeann de'n chloich.Ní i bhfad in a dhiadh sin gur cailleadh Bidy Early agus cuireadh í gan sagart.
Oidhche amháin bhí an sagart ag

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Tomás Seoighe
Inscne
fireann
Seoladh
Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge