Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad rópa mait fada dhó agus chuaidh sé amach agus chuir an rópa thart ar an dá chruaich choirce agus thug sé isteach sa chró é.
Dubhairt sé leob maide a fhághail dhó agus fuair siad maide dhó acht dubhairt sé nach raibh sé leath sáthach mór. "Imthighidh" ar seisean "agus tugaidh crann chugam". D'imthigheadar agus fuaradar crann dó acht ní raibh an crann leath sáthach mór dó. Dubhairt sé leóbh crann níos mó a fhághail dhó agus fuair siad crann maith dhó. Buille amháin agus bhí an chruach uilig buailte aige. Dubhairt sé leóbh annsin go raibh sé ag dul ag imhtheacht ag saothrú a bheatha. D'imthigh sé leis agus tháinig sé go teach fir an t-saidhbhir. D'fiafruigh sé dhó ar theastuigh buachaill uaidh agus dubhairt sé gur theastuigh buachaill go géar uaidh.
"Acht tuige" ars an fear saidhbhir "a bhfuil an oiread sin luaith ort". "Ó" arsa Pádhraic "Indé a d'eirigh mé as an luaith agus tá mo chuid éadaigh fá luath uilig". "Agus" ars an fear saidhbhir "Tuige a bhfuil an plod sin ort". "Ó" arsa Pádhraic "sin é an plod a bhí ar leabaidh m'athar agus chuir mise orm é". Chuaidh Pádhraic ag obair agus d'fan sé leis an bhfear saidhbhir agus bhí sé féin sáthach sonasach uaidh sin amach.- Bailitheoir
- Seán Ó Cúinin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chorr Riabhach, Co. na Gaillimhe