Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 185

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 185

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 185
  3. XML “Padhraig Na Luaithrigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Padhraig Na Luaithridh.
    Bhí sean-fhear ann fadó agus bhí triúr mac aige, duine aca da'r b'ainm Pádhraic agus Tomás is Seán a bhí ar an mbeirt eile. Bhíodh Tomás agus Seán ag obair agus ag déanamh gach rud acht níor fhág Pádhraic an luaith riamh agus bhí sé fiche hocht mblian d'aois. Lá amháin bhí cruach coirce le bualadh aca acht ní raibh aon mhaith leis an mbeirt eile ag bualadh coirce. D'eirigh Pádhraic de leim anuas as an luaith agus chuir a chloigeann amach ar bhárr an tighe. Chuaidh sé amach as an dteach agus dubhairt sé le'n a bheirt drioathar rópa a fhághail dhó agus fuaradar rópa dhó acht dubhairt sé leobh nach raibh an rópa leath sathach fada - "Faighidh rópa eile dom" adeir Seán. Annsin fuair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Cúinin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chorr Riabhach, Co. na Gaillimhe