Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 182
- XML “An Eascú”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'imthigh sé annsin go ndeachaidh sé isteach chuig teach feilméara. D'iarr an feilméara dhó cá raibh sé ag dul agus dubhairt sé go raibh sé ag iarraidh fhághail amach thuige ar cuireadh a athair lá fliuch agus a mháthair lá breagh?
Dubhairt an feilméara leis annsin a bhfuigheadh sé amach tuige a raibh braon ag tuitim i gclúais a mhic chuile oidhche agus dubhairt sé leis go mbeadh air dul treasna abhann agus go mbeadh eascú eile ann. Fuaradar maide dhó agus dubhairt leis nuair a bhéadh sé ag dul treasna é a bhualadh ar an gcloigeann agus é a mharbhú. D'imthigh leis agus nuair a bhí sé ag dul treasna na habhann, bhuail sé an eascú ar an gcloigeann agus mharbhuigh sé é.
Bhí sé ag imtheacht leis annsin go dtáinig sé go dtí gáirdín. Bhí fear ann agus bhí sé ag an ngeata agus d'fiafruigh sé do Mhicheál cá raibh sé ag dul. Dubhairt sé leis go raibh sé ag iarraidh fhághail amach tuige ar cuireadh a athair lá fliuch agus a mháthair lá breágh. Dubhairt a' fear leis annsin "Is mise t-athair agus táim in mo gheatóir ar a bhflaitheas mar ghealt go raibh mé chómh maith do na bochtaibh". Dubhairt sé annsin gurbh' í a mháthair a bhí ag teach roimh an lad na heascoin mar ghealt air go raibh sí go dona leis na bochtaibh.
D'iarr Micheál air annsin tuige an raibh triúr gréasuighthe in a leitheid seo d'áit ag obair ó Luain go Sathairn agus gan aon airgead d'á bhailú aca. Dubhairt sé go rabhadar ag obair ró mhall tráthnóna Dia Sathairn. Mara n-oibreóchadh siad acht go dtí an dinneára Dia Sathairn bhéadh rud d'á bhárr aca.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Antoine Seóighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe