Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 177
- XML “An Chaora Ghlas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gcailín cromadh anuas go gceanglaidh tú a cuid gruaige siar dá héadan agus sáith an biorán seo ann agus ní aireóchaidh sí thú go mbídh do dhinnéar ithte agat. Tóg leat an biorán annsin agus gheobhaidh tú gnaithe do an chéad lá eile."
Bhí go maith agus ní raibh go holc, chuir an leas-mháthair an inghean ba shine oidhche chuig an gcnoc le Máirín lá'r 'na bhárach. Rinne Máirín mar d'iarr an chaora ghlas uirthi agus annsin fuair sí a dinnéar. Nuair a tháinig siad abhaile ins an oidhche d'fhiafruigh an mháthair do'n inghean an bhfaca sí Máirín ag fághail dada sa gcnoc. Dubhairt sí nach bhfaca acht rud le nithe a thabhairt di féin agus do Mháirín mar go raibh ocras an domhain ortha.
Lá ar na bhárach chuir sí an tárna inghean amach le Máirín. Rinne Máirín a rinne sí an lá roimhe sin agus fuair sí a dinnéar ón gcaoire ghlais.
Nuair a tháinig siad abhaile, d'fhiafruigh an mháthair don inghean an bhfaca sí Máirín ag déanamh tada sa gcnoc. Dubhairt sise nach bhfuair Máirín tada acht rud le nithe a fhághail dóibh mar go raibh siad lagca leis an ocras.
An tríomhadh lá chuir sí amach an inghean ab óige le Máirín. Chuir Máirín an biorán suain i ngruaig an chailín fé mar a rinne sí leis an dá chailín eile, acht fairíor bhí súil i gcúl a cinn ag an gcailín seo agus chonnaic sí Máirín ag fághail a dinnéir o'n gcaoirigh ghlais. Nuair a tháinig siad abhaile tráthnóna dubhairt sí len a máthar ná raibh siad féin ag fághail beatha leath chómh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chorr Riabhach, Co. na Gaillimhe