School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 176

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 176

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 176
  3. XML “An Chaora Ghlas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Chaora Ghlas
    Fadó ariamh bhí cailín ann agus fuair a máthair bás nuair a bhí sí an óg. Bhí an chionn ag a mathair ar Mháirín agus nuair a bhí sí ag faghail bháis, d'fhág sí caora ghlas aicí dí féin.
    Phós a hathair bean eile arís agus bhí sí 'n a droch ceann do Mháirín i gcómhnuidhe. In a dhiaidh sin bhí triúr inghin aicí féin annsin agus bhí sí an ceanamhail do'n domhan ortha. Ní iarrfadh sí ortha aon obair aon obair ar bith a dhéanamh acht Máirín ag déanamh gach rud aicí agus sé an áit is mó a choingbheochadh sí í ná amuigh ar an gcnoc ag cúmhdach na gcaoirí.
    Acht dá chruaidhe dá raibh Máirín ag obair bhí sé ag fás suas agus ag déanamh bean bhreagh dhathamhail.
    Bhí iongnadh an domhain ar an leas=mháthair a fheabhas agus bhí Máirín ag déanamh thar a clann féin agus gan í ag faghail leith an oiread bidh leo.
    Dubhairt sí le'n a fear lá amháin go gcaithfeadh sé go raibh Máirín ag faghail rud éigin sa gcnoc, mar nach mbíodh aon tsuim aicí in a béilí nuair a thagadh sí abhaile gach aon oidhche agus dubhairt seisean léi cá bhfuigheadh sí rud sa gcnoc. Acht bhíodh Máirín ag fághail bídh sa gcnoc on gcaoirigh ghlas. Ach an lá seo annsin, labhair an chaoire ghlas le Máirín agus dubhairt léi go gcuirfeadh a leas-mháthair a hinghean féin amach léi lár 'na bhárach go bhfeicfeadh sí céard a bhí sí ag faghail sa gcnoc. "Acht seo dhuit an biorán suain seo agus nuair a fheicfeas tú mise ag tarraingt ort abair leis an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Liam Ó Briain
    Gender
    Male
    Address
    An Chorr Riabhach, Co. na Gaillimhe