School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 173

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 173

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 173
  3. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. lth 173 Seanfhocail
    1.Cuairt ghearr agus a dhéanamh go hannamh , agus í sin féin a dhéanamh isteach do charad.
    2.Is fearr teach beag agus teann lán ná teach mór ar bheagán biadh.
    3.Is fearr éan sa lámh ná dhá éan ar chraobh.
    4.An iomarca cócaireacht a mhilleas an brochán.
    5.Is fearr beagán den ghaol ná mórán den charthanas.
    6.Is fearr duit bheidh 'do bhean uasal ag seanfhear ná bheidh 'd sglábhuidhe ag fear óg.
    7.Is fearr bheith ag breathnú amach lá báistighe ná breathnú isteach.
    8.Bean Dómhnaigh agus caora fóghmhair an dá rud is doiligh a thógáil.
    9.Is fiúntaigh paiste na poll.
    10. An té tá críonna feictear a shlacht air.
    11.An áit a bhíos an t-amadán bíonn sé le haithne.
    12.Chuile shórt ag luigh ar an lagar agus an lagar ag luigh ar an dtalamh.
    13.Níl aon mhaith sa bpota mara bhfuil rud le cur ann.
    14.Castar na daoine ar a chéíle ach ní castar na cnuic is na sléibhte.
    15.Sháraigh an fhoighid an chinneamhaint(chinniúint).
    16.Níl dealg ar bith níos géire na dealg na draoibe.
    17.Níl thagann olcas i dtír nach fearrda dhuine éigin.(sílim gur Ní atá i gceist ).
    18.Pós bean óg go deó muna mairfidh sí acht blian.
    19.D'orduigh cinnire congnamh.
    20.Muna bpósfaidh mé i mbliana caithfidh mé asal a cheannacht.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Language
    Irish