Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Más fíor duit é sin" ars an fear "Gheobhaidh tú capall agus dhá mhála óir" Fuair sé féin meitheall eile fear agus bhain siad an crann agus mharbhuigh siad an franncach. Annsin thug sé dhá mhála óir agus capall dhó. Chuir sé an trí mhála óir ar an gcapall agus bhuail sé bóthar. Nuair tháinig sé abhaile d'iarr an driothar saidhbhir an cleite óir air acht ní thiubharfadh sé dhó é, mar níor iarr sé air an cleite thabhairt dhó nuair bhí sé ag imtheacht ar a thóir. Annsin d'fiafruigh sé dhó cá bhfuair sé an tór. D'innis sé dhó.
"Maise dhá dteighinnse san áit an bhfuighinn an rud céadna" ar seisean. "Níl fhios agam" adubhairt an buachaill leis. D'imthigh sé leis nó gur tháinig sé go dtí an fear sa mbád. D'iarr fear an bháid air breith ar na maidi rámha agus tosaigh ag iomramh. Rug sé ortha agus measaim go bhfuil sé annsin go dtí an lá indiú má's beo nó marbh é. Acht bhí mach an driotháir bhoicht saidhbhir sáthach ó shoin ileith.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Bhúrca
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Liam de Búrca
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann