Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ghadhair" ar seisean."Fáisg a ribe " ar sise .Mharbhuigh sí é agus rinne sí cloch ghlas dó.
An Tríomhadh(tríú) mhaidin d'éirigh Fios.Bhí an girrfhiadh san gcoirce roimhe.Lean sé é.Chuaidh se isteach faoin scailp.Bhí an cailleachan san teach roimhe.Ba í sin an girrfiadh a bhí ag teacht san gcoirce.Thosuigh an chailleach mar thosuigh leis na driotháracha.Thug sí trí ribí gruaige dó leis na cuthaí a cheangailt.Bhris sé iad idir a lámhan agus shuidh siad síos gan aon cheangal.Thosuigh sé ag ith.Bhí cinneadh air faic d'ith.Rug sé ar phláta agus bhris sé ar an urlár é.
D'éirigh an chailleach chuige.Thosuigh sí ag troid,bhí sise ag fághail(fáil) an cheann is fearr air."Congnamh a ghadhair" arsa Fios"Fáisg a ribe " ar sise.D'éirigh na gadhair agus bhí siad d'á stroíceadh ó na chéile .Bhí aon léime ag na ribeacha ar an urlár.Céard bheadh ann air Luathas agus Leigheas.Leig sí na driotháracha abhaile le Fios .Mharbhuigh sé í ina dhiaidh sin.Mhair Fios,Luathas & Leigheas le chéile go sona sásta go lá a mbáis.
Mairéad Breathnach, An Fhuaidh,Fionnmhuighthe- Bailitheoir
- Mairéad Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnoc na Fuaiche, Co. na Gaillimhe