Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fios, Luas agus Leigheas

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 158

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Lth 158. Fios ,Luathas agus leigheas.
Bhí triúr ann fadó.Bhí go leor talmhan aca agus ní raibh fál nó sgonnsa aca air.Leigheas a bhí mar ainm ar an mac ba shine,Luathas a bhí ar an dara mac agus Fios a bhí ar an mac ab óige.Bhí trí chú ag gach fear aca.
Maidin amháin d'éirigh Leigheas le h-éirigh gréine agus thug sé leis a thrí chú.Bhí girrfiadh(giorria) sa gcoirce agus lean na cúite é.Chinn ortha leath suas leis go ndeachaidh sé isteach faoi scailp.Chuaidh sé isteach agus céard a bheadh ann ach sean chailleachán agus fuil go sálaibh(sálaí) uirthi."Drúl Íosa Príosta nach" deas an bláth orm é do chuid gadhair am stróchadh ó 'na chéile ars(a) an cailleachán "Orá a bhean Chroidhe , nach ag rith ar girrfiadh a bhínn mo chuid coirce a bhíos agus mé tréis( thar éis) aistir fada a chuir díom, an féidir leat beagán le n-ithe a thabhairt dom "."Tiubhraidh ars an chailleach ach ceangail do chuid gadhair i dtosach.Thosuigh Leigheas ag tóraídheacht rópa."Tiubhraidh mé trí ribe gruaige duit adeir an chailleach thug agus cheangail se iad.Nuair a thosuigh sé ag ith thosuigh an bhiadh d'á thachtadh.D'éirigh an chailleachan agus rug air "Congnamh a ghaidhir " arsa Leigheas "Fáisg a ribe ara an chailleach .D'fháisg agus thacht na ribeacha an gaidhir is mharbhuigh an chailleach Leigheas.
Bhí iongnadh ar Luathas nach dtáinig Leigheas rith an lae air bhí fhios ag Fios go maith céard d'éirigh.Maidin lae 'na bhárach d'éirigh Luathas agus bhí an girrfiadh sa gcoirce.Lean Luathas é agus a trí cutaí(a thrí chúnna).Chuaidh an girrfiadh isteach faoin scailp agus lean Luathas é.Chuaidh sé isteach sa teancín céadna.
Bhí an chailleach istigh agus fuil uirthi.Thosuigh sí ag troid le Luathas ag rádh gur stróic na gadhair í.Cheangail sé iad.Ansin d'iarr sé biadh Thug .Chinn air aon ghreim ith.D'éirigh an bhean agus thosuigh an troid "Congnamh a ghadhair" ar seisean."Fáisg a ribe " ar sise .Mharbhuigh sí é agus rinne sí cloch ghlas dó.
An Tríomhadh(tríú) mhaidin d'éirigh Fios.Bhí an girrfhiadh san gcoirce roimhe.Lean sé é.Chuaidh se isteach faoin scailp.Bhí an cailleachan san teach roimhe.Ba í sin an girrfiadh a bhí ag teacht san gcoirce.Thosuigh an chailleach mar thosuigh leis na driotháracha.Thug sí trí ribí gruaige dó leis na cuthaí a cheangailt.Bhris sé iad idir a lámhan agus shuidh siad síos gan aon cheangal.Thosuigh sé ag ith.Bhí cinneadh air faic d'ith.Rug sé ar phláta agus bhris sé ar an urlár é.
D'éirigh an chailleach chuige.Thosuigh sí ag troid,bhí sise ag fághail(fáil) an cheann is fearr air."Congnamh a ghadhair" arsa Fios"Fáisg a ribe " ar sise.D'éirigh na gadhair agus bhí siad d'á stroíceadh ó na chéile .Bhí aon léime ag na ribeacha ar an urlár.Céard bheadh ann air Luathas agus Leigheas.Leig sí na driotháracha abhaile le Fios .Mharbhuigh sé í ina dhiaidh sin.Mhair Fios,Luathas & Leigheas le chéile go sona sásta go lá a mbáis.
Mairéad Breathnach, An Fhuaidh,Fionnmhuighthe

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Mairéad Breathnach
Inscne
baineann
Seoladh
Cnoc na Fuaiche, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge