151
41.Duibhín ag dul an tsráid agus cnámh duine 'na béal Freagra:Cos i mbróg
42.Ceithre muca dubha dul soir cathair Uí Riain agus gad ar do ghiall mun dtomhaisfidh tú é
sin Freagra: Ceithre cruacha mónadh
43.Bíonn sé bhus, bíonn sé thall, bíonn sé ar bhárr an choille ghlais,
Téigheann sé anonn go tór na long agus anall tarlaí glas Freagra: An ceó
44.Ceathrar ag croí, ceathrar ag rith,beirt ag faire, beirt ag éisteacht, beirt ag séideadh,ceann ag
béiceodh ag mac Uí Maol Raidí ag rith ar a' méid sin Freagra: Bó ag rith
45.Tá sí i bhfus, tá sí thall ,tá sí ngáirdíní Bhaile Átha Cliath,
Is mó a greim ná greim chapaill, is ní bhlasfaidh sí ó d'n (d'aon) bhíd(h) Freagra: Speal
46.Seanfhear bocht agus a mhaide faoin a ucht, agus é silt a chuid deór go bocht
Freagra: Fár Dorais
(leanann ar an chéad leathanach eile)