Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Tomhaiseanna

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 146

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

146
Tomhaiseanna
1.Cé mhéid cos ar ucht muilt Freagra : Dhá chos
2. Istigh sa ló agus amuigh san oídhche Freagra: lúb an dorais
3.Rud nach bhfuil is nach mbeidh go deo sín amach do lámh is feicfidh tú é
Freagra : Do chúig méire nach fada le chéile
4.Thit rud le aill is níor briseadh aon easna ann Freagra: Seilmide
5.Siúd sa gclúid é agus dhá chéad súil air Freagra : Pota an Bhrutha
6.Cé hé an chuid is airde do'n bhó Freagra : A géim
7.Thiubhradh snáithe síoda suas é is ní thiubhradh rópa cnáibe anuas é
Freagra :Deatach
8.Cé fath a bpiocann an chearc an pota Freagra: Mar níl sí indhan é a luigheachan
9.Cé mhéid gob a mbuaileann an chearc sul a mbíonn sí faoi réidh
Freagra : Aon ghob amháin.
10.Droichead ar an loch gan maide ná cloch Freagra: leac oidhre

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máighréad Ní Bhúrca
Inscne
baineann
Aois
15
Teanga
Gaeilge