Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 145

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 145

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 145
  3. XML “An Driotháir Bocht agus an Driotháir Saibhir”
  4. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    rith sé i mo dhiaidh agus rith mé suas i gcrann uaidh agus chuir sé air dul suas. Céard a rinne sé acht thosuigh ag gearradh an chrainn. Bhí sé gar do ghearradh aige nuair a ghlaodh an choilleach deireadh oidhche. Annsin d' imthigh an beithidheach fiadáin agus tháinig mé féin anuas do'n chrann.
    Annsin d' imthigh siad leobtha abhaile agus nuair a bhí siad ag sgaramhaint ó na chéile dubhairt an sagart gur ceart déirce a thabhairt do'n duine bocht i gcómhnuidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sean fhocail
    Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.
    Briseann an dúthchais tré shúilibh an chait.
    Is giorra cabhair Dé ná an doras.
    B'fhearr leath ná meath.
    Is maith an sgéalaidhe an aimsear.
    Nuair bhíonn an cat amuigh bíonn an luch a' rinnce.
    Misneach maith leath an troda.
    Ní leat féin a bhfeiceann tú.
    Is minic éan mall sona.
    Is fusa rud a rádh ná a dhéanamh.
    Is iomdha lúbh a bhaintear as a gcáilidheacht.
    Caitheann an óige an aicíde.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge