Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Driothár Bocht Agus An Drioathar SaidhbhirBhí driothar bocht agus driothár saidhbhir agus sagart ann uair amháin. Bhíodh an driothár bocht ag dul chuig an driothár saidhbhir agus chuig an sagart ag iarraidh déirce i gcómhnuidhe agus thiubharfadh siad dhó é go dtí sa deireadh tháinig siad tuirseach dhó.
Aon lá amháin casadh an triúr aca le chéile ag cros-bhothar. Dubhairt an sagart leobh imhtheacht leobh. Bhí trí bhothair ann. D'imthigh an drioathar bocht leis in a bhóthar féin agus an driothar saidhbhir in a bhothar féin agus an sagart sa mbóthar eile. Dubhairt an sagart leo sul ar imthigh siad go gcaithfeadh an chéad duine a bheadh ann lá 'na dhiaidh fanacht leis an gcéad duine eile agus go gcaithfeadh an bheirt sin fanacht leis an duine eile.
Maidin lae 'na bhárach tháinig an drioathar bocht. Annsin tháinig an drioathar saidhbhir agus annsin tháinig an sagart. D'fhiafruig[h] an sagart de'n drioathar bocht cén chaoi a chaith sé an oidhche. Dubhairt an drioathar bocht leis nach raibh a leitheid d'oidhche aige riamh, go raibh beirt chailín ag freastal air. "O" ars an sagart "An bhfuil fhios agat cé hiad na cailíní sin - is iad an bheirt drishiuir iad".
Ansin d' fhiafruigh sé de'n drioathar saidhbhir cé an chaoi a chaith sé an oidhche. Dubhairt an drioathar saidhbhir leis go mbé an obair a bhí aige gach duilbhear a' castaoi dhó go gcuirfeadh sé in a phóca é. "Feach" ars an sagart "Cé mhéad duilbhear agat anois"? agus sé an méid a bhí aige trí cinn. Bhíodh an dreoathar saidhbhir seo ag dul ag an aifrinn gach Domhnach agus sé an méid aifreann a bhí aige igceart trí cinn. "O" ars a' sagart "chuaidh mise trí gádh mór. "Bhí mé ag siubhal an bothar agus casadh beithidheach mór fiadán dhom agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máighread Ní Bhúrca
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Liam De Búrca
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 90
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe