Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Máirín an Fhionnaidh

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 139

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Máirín Na Fiothnaigh
------------------
Bhí fear agus bean ann fadó agus ní raibh mac na inghean aca. Annsin bhíodh siad ag súil go mbeadh mar bhíodar an-tsaidhbhir. Is minic a bhíodh an fear ag troid leis an mbean nuair nach mbíodh clann aca le faitchios nach mbeadh aoinne act stráinséar len a oighreacht d'fhágail aca. Lá amháin d'imthigh an bhean chuig fear a raibh fios aige. Tháinig sí isteach chuig an fear agus d'fiafruigh sé dí cá raibh sí ag dul. D'innis sí a sgéal tríd síos. Dubhairt sí leis go raibh sí pósta le naoi mbliana agus nach raibh mac ná inghean aici agus gur minic a bhíodh a fear ag troid lei.
“Anois tá truaigh agam duit a bhean chóir” ar seisean. “Acht anois teirigh go dtí an choill roimh eirighe na gréine ambárach. Feicfidh tú crann istigh i lár na coille agus billeóg mór air. Tá trí braon drúchta air. Ól dhá bhraon acht ná bain leis an dtriomhadh braon. D'ól sí dhá bhraon acht ní raibh sí in ann an tríomhadh braon d'fhágáil, bhí siad chómh deas sin. D'fill sí abhaile agus naoi mí on lá sin bhí triúr inghin aici.
Bhí beirt aca an-dheas acht bhí an ceann eile an ghrándha agus í beag. Agus bhí fionnach fada dubh uirthi agus sin é an fáth a tugadh Máirín An Fhiothnaigh uirthí. D'fás an bheirt eile suas in a mná breaghtha acht níor mhéaduigh Máirín ariamh. Sé an post a bhí ag Máirín ag cumhdach beithidheach. Lá amháin bhí Máirín imthighthe go moch ar maidin dhá gcuadach. Dubhairt an bheirt inghean eile len a máthair go rachaidís ag lorg aimsire. Dubhairt sise go raibh sé in am dóibh.
Nuair a tháinig Máirín sa mheadhon lae d'fiafruigh sí cá raibh a deirbhshiuracha. D'innis a máthair dí. Is gearr go mbeidh míse suas leo ar sise agus laisg léithe. Tháinig sí suas leo gan mhoill. Dubhairt a máthair leo gan dul in aon teach acht teach a bhfuighidís lóistín na hoidhche agus a sáith le n-ithe agus a sáith oibre an lá in a dhiaidh. Nuair a tháinig Máirín suas

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máighread Breathnach
Inscne
baineann
Seoladh
Cnoc na Fuaiche, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge