Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tuige a ndearna sí a leitheid de chleas “Nár dhubhairt tú liom an cabáiste a leasadh” ar sise. Níor dhubhairt seisean a thuille mar bhí fhios aige gur óinseach a bhí innte agus mar an gcéadna thuig sé an sean fhocal “Níl aon mhaith sa gcasaoid nuair bhíos an anachain déanta”.
Bhí go maith. Lá eile a bhíodar beirt ag dul ar thuras eigín eile agus d'imthigh an fear ar dtús. Dubhairt sé léithe -se an teine do chuir amach, nó as, ag imtheacht dí agus an doras a tarraingt in a diaidh freisin.
Níor thuig sí na sgéalta seo acht an oiread le chuile rud? Nuair a bhí a fear tamall imthighthe thóg sí an teine in a áprún, agus nuair a bhí sí ag dul an doras amach thóg sí an comhla dhá hinnsí agus thóg léithe ar a druim í. Bhí sí dhá tharraing in a diaidh go dtáinig sí suas len' a fear, tar éis bheith ag siubhal tamall maith dhi. Chuala an fear an torann agus ní raibh fhios aige céard a bhí ann - shíl sé gur trucall nó rud éigin a bhí ann.
Nuair a tháinig sí i ngar dhó agus nuair a chonnaic sé gurab í a bhean a bhí ann, níor leig sé ar fhéin tada mar go raibh fhios aige cén sórt duine a bhí innte. Shiubhaladar le chéile go raibh an oidhche ag druidim i ngar dhóibh agus chuadhar suas ar bhárr crainn leis an oidhche a chuir thartu. Shuidheadar ar an doras ar bhárr crainn.
Nuair a bhíodar tamaill annsin cualadar torann agus gáire, spóirt agus cómhaireamh airgid ag bun an chrainn agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Seóighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Seóige
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe