Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Seanafarachán | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Bhí fáinne ar a mhéar agus chaith sé liom é agus chuir sé isteach ar mo mhéar sá é. “Cá bhfuil tú a fháinne” ar seisean. “Tá mé annseo ars an fáinne agus rithfeadh sé agam annsin”.
“Fá deireadh ghearr mé an mear díom féin agus chaith mé amach san abhann é. “Cá bhfuil tú anois” ars an fathach “Tá mé annseo” ars an fáinne. Léim sé amach san abann agus báthadh é”.
Bhí sean chailleach sa gclúid ag éisteacht ar feadh an ama. “Is fíor duit an méid sin ar sise “Is mise an gasúr agus séo í an méar a bhain tú díom”. Thug an fear an triúr mac agus an stáinín cloigtheannach dhó acht dubhairt sé leis nuair bheadh sé sa mbaile é do sgaoladh uatha agus go dtagfadh sé féin abhaile. Chuaidh an ceathrar aca a marcaidheacht ar an stáinín cloigthinneach agus as go bráth leób ná go dtáinig siad abhaile. Nuair a tháinigeadar in amharc an tighe tháinig an bhean a bhí ar an gcaisleán iad. Táinig bród uirthi agus rith sí anuas na staighre acht mo léan thuit sí anuas na staighre agus marbhuigheadh í. Sgaoil na fir an stáinin cloigthinneach uatha abhaile agus bhí siad saidhbhir sáth uaidh sin amach.
Máirtín O Choidhin
Chuala Máirtín an sgéal seo ó na athair. Tá a athair 'na chómhnuidhe ag Seanafarachán. Seán O Cadhain is ainm dhó agus tá an dá sgór go leith caithte aige. Tá sé ag gabhail do'n feirmeóireacht (1935)
S. Mac an Riogh

Ní he lá na gaoithe lá na scolb.
Briseann an duthchais tré shúilibh an chuit.
Is giorra cabhair Dé ná an doras.

Teanga
Gaeilge