Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gach ceann aca a mála féin faoi'na piliúr féin. Nuair a fuair sé 'na gcodhladh iad go ndeachaidh sé isteach agus gur thug sé na trí málai leis. “Lean an triúr ban mé” ar seisean “nó go dtáinig mé go coill. Annsin chuaidh mé suas crann. Rinne ceann aca nuair tháinigeadar go dtí an crann tuaidh di féin, an ceann eile sábh agus thosuigh an ceann eile ag gearradh an chrainn a raibh mé ann. Nuair a bhí sé gar ó bheith gearrtha “Ghlaodh an coileach agus b'éigin dóibh imtheacht. Tháinig mé anuas agus chuaidh mé abhaile”.
“Sin gáidh maith” arsa fear a' tighe agus thug sé ceann de na triúr mac dhó. “Bhí mé lá eile ag dul thar teach” ars an gaduidhe “agus cualaidh mé bean a' tighe ag caoineadh. “Cén fáth é do chaoineadh an aon dochar fiafruigh duit” arsa mé féin. “Ó” ar sise “tá fathach le teacht annseo ar ball agus caithfidh mé an gasúr seo a bheith bruithte agam dhó”. “Ná bac leis” arsa mise. Rug mé ar madadh a bhí agum agus mharbhuigh mé é. Bhain mé an mhéar beag de chois agus de lámha an ghasúir agus chaith mé síos sa bpota iad gur bhruith mé iad. Nuair a bhí siad bruithte bhí an fathach ag teacht. Chuaidh mé suas an seomra an áit a raibh crap daoine marbh. Chaith mé díom mo chuid éadaigh agus luigh mé 'na measg. Nuair a bhí a bhéile istigh aige, chuaidh sé suas agus dhearc sé orainn uilig go bhfeicfeadh sé cé againn ba raimhre. Mé féin ba raimhre agus ghearr sé líosta feóla síos ar fhaid mo cheathrú agus d'ith sé é. Nuair a bhí sé ithte aige thuit sé in a chodhladh. Fuair mé biorr agus dhearg mé é. Nuair a bhí sé dearg sháith mé isteach in a shúilibh é. Annsin rith mé agus eisean mo dhiaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín O Choidhin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cadhain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe