School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 123
- XML “An Chailleach Bhéarra”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)caillighe Béarra. “Bhí” ar seisean. Thosuigh fearg ag teacht ar mac na caillighe Béarraighe. “Bhí” ar seisean “agus nuair nár labhair tú léithe chaith sí an fáinne séo sa leabaidh agat”. Annsin d'aithnigh sé an fáinne agus dubhairt sé go mbféidir go raibh. “Ach” ars an buachaill “an dtugann an chailleach aon deoch dhuit ag dul a chodhladh”. “Tugann” ar seisean. “Anois” ars an buachaill “nuair a bhéarfas sí dhuit aríst é leig siar lé do ghéill é”. Rinne an fear amhlaidh. Chuaidh an bhean óg seó a chódhladh leis san oidhche agus bhí sé in ann cainnt léithe. Maidin an lae 'na dhiaidh tháinig sgéal ag a gcailligh go raibh a dearbhráthair a bhí siar sa domhan tinn. D'imthigh sí annsin. Bhí Cúl Carrach agus an buachaill agus an mac agus an bhean óg sa teach. Bhí an teach thríd a chéile nuair a bhí an chailleach ag teacht. “O” a deir Cul Carrach “tá sí ag teacht agus marbhóchaidh sí muid agus níl aon nidh faoi domhan in ann í a mharbh acht an ubh atá i dtón na lachan fhiadhana atá amuigh ar an oileán agus muna mbuailfidh tú ar an mball dórán atá i mbun a phíobáin í, táimid réidh”.
Fuair siad bád agus chuaidh siad ar an oileán ach fairior d'eirigh an lach agus rug sí an ubh anuas sa bhfairrge. Acht rínne Cúl Carrach madadh uisge di féin agus thug sí an ubh aníos. Annsin thug sí go'n buachaill í. Bhí an chailleach ag teacht agus a béal osgailte aici. Tháinig faithchios ar an mbuachaill agus bhí an ubh ag tuiteam uaidh. Rug Cúl Carrach uirthi agus chaith sí leis an gcailligh í. Bhuail sí glan díreach ar an mball dobhrán í agus thuit sí in a splannc dhearg thíos sa bhfairrge.
Annsin phós Cúl Carrach an buachaill agus mac na Caillighe Bhearraighe an bhean óg. Bhíodar ag cur cairteacha airgid suas ós cionn talmhan ag athair na mná óige agus bhí siad saidhbir(continues on next page)- Collector
- Máirtín Ó Cadhain
- Gender
- Male
- Age
- 15
- Informant
- Máire Bean Uí Bhrian
- Gender
- Female
- Age
- c. 90
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe