Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 120

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 120

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 120
  3. XML “An Chailleach Bhéarra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    san oidhche. Dubhairt sí go mbearr léithe bheith in a fhear san oidhche. Annsin bhí sé in a fhear san oidhche aici agus ar maidin bhíodh sé in a capall. Lá amháin d'fág sé an fléad ar an bhfuinneóig agus chuaidh sé siar sa seomra. Rug sí greim ar an fléad agus chaith sí ar an dteine é. Tháinig an fear as a seomra ar a' bpoinnte. “Ó” ar seisean. “tá mé réidh leat anois”. Shíl sé breith ar an bhfléad acht bhí sé dóighthe. Amach leis an fhuinneóg agus nuair a bhí sé taobh amuigh bhí sé in a macpie. Amach leis an mbean in a dhiaidh. D'imthigheadar leob. Nuair a bhíodh seisean ar an árdan, bhíodh sise ar an ísleán, Nuair a bhíodh seisean ar an ísleán, bhíodh sise ar an árdan. Bhíodar ag imtheacht leób go dtáinig an oidhche. Chuaidh seisean suas i gcrann agus chuaidh an bhean isteach i dteach. Níor chodhladh sí mórán an oidhche seo. Ar maidin fuair sí a breicfeasta agus fuair sí píosa cáca. Nuair a d'íosfadh sí píosa as an gcáca, cuimhneóchadh sí ar chuile sórt nidh faoin domhan.
    D'imthigh siad annsin ar a' mbealach céadna a bhí siad cheana go dtáinig an oidhche. Chuaidh sí isteach i dteach agus chuaidh seisean suas sa gcrann. Chodhluigh sí go maith an oidhche seo. Ar maidin nuair á bhí a breicfeasta ithte aici fuair sí raca agus cibé sórt gruaige a bheadh ort dá guirfeá an raca seo ann bheadh an cúl ba bhreagha sa domhan (agat) ort. D'imthighear leób arís go dtáinig an oidhche. Chuaidh seisean sa gcrann agus ise sa teach. Ar maidin fuair sí spóilín snáithe. Uair ar bith an chuirfhá sop suas ann thuitfeadh sé annsin a ribíni síoda.
    D'imthigheadar leób arís go dtáinig an oidhche. Chuaidh seisean suas i gcrann agus chuaidh sise i dteach arís. Ar maidin fuair sí gairaoileach agus rud ar bith a chinnfeadh ar aon ghairaoileach eile a bhaint amach bhainfeadh an gairaoileach seo amach é. Fuair sí siosúr
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. cailleacha (~139)
          1. Cailleach Bhéarra (~28)
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Cadhain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    15
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Bhrian
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 90
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe