Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 119

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 119

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 119
  3. XML “An Chailleach Bhéarra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear agus bean ann fadó agus bhí triúr inghin aca. Bhí seomra sa teach agus bhí cathaoir sa seomra. Dá suidhthea innte agus rud ar bith a déarfá gheobhtha é. Bhíodh glas ag an bhfear seo ar an seomra i gcómhnuidhe le faitchios go rachadh aon cheann de na hinghiní isteach ann. Lá amháin d'imthigh an fear ag fiadhach agus d'fág sé an eochar sa glas. Chonnaic an cailín b'óige an eochar agus dubhairt sí leis an dara ceann é. Dubhairt an dara ceann leis an dtríomhadh ceann é. Chuaidh an triomhadh cheann isteach agus bhain sí an glas de'n doras. Shuidh sí sa gcathaoir agus d'iarr sí fear chómh bréagh leis an ngréin a bheith ar a tóir maidin lae ar na bhárach. Chuaidh an dara ceann isteach agus d'iarr sí fear chómh breagh leis na réalta a bheith ar a tóir an lá in a dhiaidh sin. Chuaidh an ceann ba óige isteach agus d'iarr sí fear eidir eatorra a bheith ar a tóir an lá in a dhiaidh sin. Tháinig an t-athair agus chonnaic sé an eochar sa nglas. Tóg sé í ar an bpoinnte agus cheap sé nach bhfaca na hinghineacha í. Maidin lae ar na bhárach tháinig fear agus cóiste agus capall aige. D'orduigh sé bean a chuir amach aici go beo agus chuir. Bhí siad ag imtheacht is ag síor imtheacht go dtáinig siad go dtí teampall. Rug sé uirthi agus mharbh sé í agus rinne sé ceithre ceathramhna dí agus chuir sé ceathrú dí i ngach ceann coirnéall den teampaill.
    An mhaidin in a dhiaidh sin tháinig an fear eile agus thug sé a bhean féin leis agus nuair a tháinig sé go dtí an tampall mharbh sé í agus chuir sé ceathrú in aon coirnéal den tampall. An triomhad mhaidin tháinig an fear eile agus thug sé a bhean féin leis. Bhíodar ag imtheacht leób go dtáinig siad go dtí teach. Dubhairt sé leí dul isteach agus teine a chuir síos. Chuaidh sí isteach agus chuir sí síos an teine. Tháinig an fear isteach agus d'ol siad an tae. Nuair a bhí an tae olta aca d'fiafruig an fear de'n bhean cé mbfearr léithi bheith in a capall sa lá agus fear san oidhche na fear sa lá agus capall
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. cailleacha (~139)
          1. Cailleach Bhéarra (~28)
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Cadhain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    15
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Bhrian
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 90
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe